litir ghrá

Published on 28 February 2025 at 18:05

inspired by “If I can get enough money to get out of this country, I’ll get out."

 

Ag snámh i mí Aibreáin nuair a ardaíonn an teocht os cionn dhigití dúbailte. Ag triail Guinness don chéad uair le do chairde i do phub áitiúil nua i nGaillimh. Fógraí nuachta na maidine ó Raidó na Gaeltachta, ag suí sa gcarr le m’athair. An banna ag máirseáil roimh cluiche ceannais na hÉireann, agus ag feiceáil Paul Mescal ag caitheamh péire O’ Neills. Laethanta ag fáil níos faide, agus an solas mór lonrúil a bhíonn ar an mbus 402 ag teacht ón gcoláiste déanach san oíche. Na soilse céanna shíos i mBóthar na Trá, agus na gadhair ag caitheamh coiléar ildaite a lasann suas ar nós go bhfuileadar ag réabh. D’aghaidh ag lasadh suas nuair a thagann daoine abhaile. An baile, an boladh de seasoning ar an dinnéar agus an teocht ón tine a bheireann barróg ar an seomra uilig. Ag oscailt Daft.ie, agus ag dúnamh arís í. Ag gáire fós le mo cailíní, ag ithe ár sweet treat ón mbácús ag siúl san aer fhliuch.

Chonaic mé fear óg le deanaí ar an gclár ‘reeling in the years’, ag labhairt faoi stádas na tíre. “If I can get enough money to get out of this country, I’ll get out.” Stóigh chraoladh é sna 80í, ach tá go leor daoine fós ar an meon céanna. Ní féidir liom riamh imeacht, i mo chroí istigh bainim sult as spiorad pobail agus ag gearáin faoi rudaí néamhthábhachtach.

 

Add comment

Comments

There are no comments yet.